News

An t-iriseoir as Gaoth Dobhair Dónal K Ó Baoill tar éis bháis



Tá an t-iriseoir ceoil as Gaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall, Dónal K Ó Baoill, tar éis bháis.

Chomh maith leis an cháil a bhí air as a chuid iriseoireachta, bhí Dónal ina urlabhraí láidir ar son daoine faoi mhíchumas.

Tháinig póilió ar Dhónal nuair a bhí sé ina leanbh. Chaith sé trí bliana déag dá shaol in otharlann agus ní raibh sé ábalta siúl nó go raibh sé sna mionfhichidí.

Ina dhiaidh sin, thosaigh sé ag scríobh faoin phopcheol, go háirithe faoi ghrúpaí áitiúla agus náisiúnta.

Is iomaí feachtas a bhunaigh Dónal i gcaitheamh na mblianta le áiseanna níos fearr a sholáthar do dhaoine faoi mhíchumas – rampaí, cuir i gcás, le go mbeadh siad ábalta dul isteach i hallaí ceoil agus ionaid siamsaíochta.

Bhí sé ina rúnaí ar Choiste an Iarthuaiscirt do Dhaoine faoi Mhíchumas chomh maith.

Thacaigh Dónal riamh le féilte móra bliantúla Dhún na nGall, go háirithe Féile Mháire An Chlocháin Léith.

Bronnadh Gradam Phearsa Dhún na nGall air i 1981.

Tá cuntas breá ar cheannródaíocht Dhónail agus ar a mhisneach sa tuairisc seo a rinne RTÉ faoi i 1970.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ



Source link

Related Articles

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

Back to top button